Rang 4

SCONAÍ DONN


SCONAÍ DONN

Cómhábhair:
125g mín chruithneachta [plúr donn]
125g plúr bán
30g im
1/4 tsp salainn
1/4 tsp sóid aráin
150ml bláthach
  1. Criathraigh plúr bán agus salann isteach sa bhabhla.Cuir isteach an plúr donn leis.
  2. Cuir isteach an t-im ,gearrtha i bpíosaí beaga. Cuimil an t-im isteach sa phlúr.
  3. Bain cnapáin as an sóid aráin. Cuir isteach sa bhabhla é agus measc go maith leis an bplúr agus im.
  4. Measc le bainne go dtí go mbeidh taos scaoilte agat. Cuir an taos ar bhord le plúr air. Fuinnigh go héadrom é. Brú síos an taos le do lámh agus déan ciorcal leis thart ar 1cm tiubh.
  5. Gearr amach na sconaí.
  6. Smear im ar an stán, scuab na sconaí le bainne. Cuir san oigheann iad ar feadh thart ar 20 nóiméad.
    425F /215C [6]

    Rang 4, Scoil Chaitlín Maude, 11-96.



    [obair] [ClárCinn]
    [work] [HomePage]