ÁR SCÉALTA
An Lá a Shábhail Mé Duine
Lá amháin chuaigh mé go dtí an trá le mo chara. Thógamar
liathróid, ceapaire,barranna seacláide agus milseáin. Ar dtús
bhíomar ag imirt peile agus ansin d'itheamar ar lón. Ansin
bhíomar ag snámh. Bhíomar ag snámh le haghaidh uair go
leath. Chuaigh Ian agus Kevin amach ar dtús. Dfhán mé
istigh le haghaidh cúpla nóiméad eile. Bhí mé ag teacht
amach ach chonaic mé duine ag bá. Bhí mé chun an maor
snámha a fháil ach bhí sé i bhfad uaim. Chuaigh mé amach
mé féin chun é a shábhail. Bhí mé ag snámh amach agus
bhí na tonnta ag bualadh i gcoinne m'aghaidh. Sa deireadh
fuair mé é. Thóg mé é ar ais go dtí an trá. Bhí sé ceart go
leóir. Thóg a mámaí é abhaile agus fuair mé airgead ó a
Mamaí.
Jonathan Sabhaois
An Bheilg
Bhíomar ag dul go dtí an Bheilg
leis an bhfoireann sacair. Bhíomar
ag dul ar bhád maidin De
Luain. Bhíomar ag imirt i
gcomórtas.Bhíomar ag imirt sa
chraobh i gcoinne an Bheilg.
Bhuamar sa craobh sé a haon.
Chuamar go dtí an trá
tar eis an chluiche. Chuaigh
mé fein agus Gabhán isteach
san uisce. Chonaiceamar buachaill
ag snámh. Tar éís tamaill chonaiceamar
an buachaill ag bá, snámh
mé trasna go dtí an buachaill
agus tharraing mé é go dtí an gaineamh.
Ní raibh sé ag analú. Tháinig an maor
snámha agus dúirt sé go rabhmar an-mhaith.
Chuamar abhaile an tráthnóna sin.
Bhí an bainisteoir breá sastá agus
bhí an corn againn.
Le Gabhán Dáibhís agus Ian Ó Labhraí
Ar an trá
Lá amháin chuaigh mise agus mo chara go dtí an trá.
Thosaíomar ag imirt peile ansin. Tar éis támaill
shuíomar síos ar an mblaincéad chun na criospaí
na ceapairí agus an cáca a ithe agus an liománaid a ól.
Nuair a bhíomar críochnaithe thosaímar ag súgradh
peile arís. Ansin chualamar duine ag béiceadh sa trá.
Ritheamar síos chun feáchaint. Bhí duine ag bá. Chaith mé
fáinne snámha chuige ach ní bhfuair sé é. Ansin rith mé
chun an maor snámha a fháil. Ní raibh sé ansin. Rith mé ar
ais agus chonic mé an buachaill ag dul síos faoin uisce.
Dúirt daoine leis snámh ach ní raibh sé in ann. Ansin
chuaigh duine amách chun é a fháil. Tháinig siad ar ais.
Rinne siad athbheochan béal le béal leis an mbuachaill chun
é a shábhaíl. Ansin tiomáin duine é go dtí an t-ospidéal.
Bhí sé ceart go leor. Bhí gach duine a bhí ansin í bpictúir
sa pháipear an lá ina dhiaidh sin. Ansin bhí muid ar an
nuacht.
AINDRIÚ Ó DÚILL
[obair]
[ClárCinn]
[work]
[HomePage]